Skip to content

FĂĄilte chuig Na Ceithre CĂșirteanna – 100 bliain.

Tugann an aip seo cuntas tarraingteach ar na heachtraĂ­ corraitheacha a tharla I 1922, eachtraĂ­ a raibh tionchar acu ar mhĂșnlĂș na tĂ­re agus na SeirbhĂ­se CĂșirteanna mar atĂĄ aithne againn inniu orthu.

Ó tĂłgadh an chĂ©ad lĂĄ riamh iad, go dtĂ­ gur ath-tĂłgadh iad tar Ă©is an Chogaidh Cathartha, tugann an aip seo an deis duit teacht ar scĂ©al na gCeithre CĂșirteanna is cuma cĂ©n ĂĄit ina bhfuil tĂș. FiĂș amhĂĄin muna bhfuil tĂș sna Ceithre CĂșirteanna fĂ©in! FĂ©adfaidh tĂș foghlaim freisin faoi conas mar a ndeachaigh na Ceithre CĂșirteanna in oiriĂșnt do dheiseanna teicneolaĂ­ocha na hAoise Digiteach, trĂ© nĂ­os mĂł seirbhĂ­sĂ­ a bhogadh ar line.

MeascĂĄn d’fhĂ­sigh idirghnĂ­omhach, fĂ­seĂĄin agus tĂ©acs atĂĄ i gceist, a thabharfaidh siar san am atĂĄ caite tĂș, go trĂ­ laethanta corraitheacha i mĂ­ IĂșil 1922. TreorĂłidh an aip timpeall choimplĂ©isc na gCeithre CĂșirteanna fĂ©in tĂș, agus isteach sa Halla Cruinn mĂłrthaibhseach, ĂĄit a bhfuil taispeĂĄntas saor in aisce, dar teideal ‘Na Ceithre CĂșirteanna – 1922, Roimhe agus i nDiaidh’ ar siĂșl.

Four Courts 100 App

Íoslódáil an aip anseo agus lean na treoraigh.

NĂł, le breis eolais a fhĂĄil ar an taispĂ©antas saor in aisce, ar thurasanna treoraithe agus cuairt a thabhairt ar na Ceithre CĂșirteanna, fĂ©ach ar an roghchlĂĄr thuas.

 

TAISPEÁNTAS 

Na Ceithre CĂșirteanna – Roimhe agus I nDiaidh
Ag comóradh an fhoirgnimh, na ndaoine agus a scéalta fhéin

LĂ©irĂ­odh an taispeĂĄntas seo i bpairtĂ­ocht le Michael Fewer, staraĂ­ agus Ășdar, agus insĂ­onn sĂ© scĂ©al na gCeithre CĂșirteanna dĂșinn, Ăłn am a dhear an ailtire James Gandon don chĂ©ad uair Ă© ag tĂșs na naoĂș haoise dĂ©ag, agus scĂ©al a scriosta i 1922, agus a atĂłgĂĄla nĂ­os dĂ©anaĂ­.

Ag ĂșsĂĄid griangrafanna agus fĂ­sigh, insĂ­onn an taispeĂĄntas seo scĂ©al na ndaoine agus na bhfoirgneamh dĂșinn, a raibh tionchar ag imeachtaĂ­ 1922 orthu.

OsclaĂ­onn an taispeĂĄntas i Halla Cruinn na gCeithre CĂșirteanna ar an Aoine, 24Ăș Meitheamh 2022. TĂĄ sĂ© saor in aisce agus beidh an taispeĂĄntas oscailte don phobal i rith mĂ­ IĂșil agus LĂșnasa 2022 uilig.

Is fiĂș cuimhneamh go mbeidh na CĂșirteanna ina suĂ­ go dtĂ­ deireadh mĂ­ IĂșil, mar sin, b’fhĂ©idir nach mbeadh sĂ© chomh gnĂłthach sin i rith an deireadh seachtaine, seachas i rith na seachtaine fhĂ©in.

Eolas ar ChuimhneachĂĄin 100 Bliain na gCeithre CĂșirteanna

ForbraĂ­odh ComĂłradh CĂ©ad Bliain na gCeithre CĂșirteanna i bpairtĂ­ocht le Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachĂĄn ChĂ©ad Bliain

Tå siad mar chuid de chlår níos leithne cuimhneachån atå faoi réir do 2022. Theastaigh ón gcoiste go mbeadh réimse leathan roghanna ar fåil don phobal ó thaobh aon chuimhneachån de, imeachtaí ar an låthair agus ar líne san åireamh.

Ina measc seo tĂĄ:

Sraith LĂ©achtanna ChomĂłradh CĂ©ad Bliain na gCeithre CĂșirteanna
DĂ­reoidh na lĂ©achtanna seo ar chĂłras feidhmithe na gCeithre CĂșirteanna agus ar an bpobal ĂĄitiĂșil, agus beidh sĂ© ar siĂșl Ăł mhĂ­ AibreĂĄn go IĂșil 2022. Le breis eolais a fhĂĄil, dĂ©an seiceĂĄil ar Leitheanach Eolais na gCuairteoirĂ­, led’ thoil.

Na Ceithre CĂșirteanna - 1922, Roimhe agus i nDiaidh
OsclaĂ­onn an taispeĂĄntas i Halla Cruinn na gCeithre CĂșirteanna ar an Aoine, 24Ăș Meitheamh 2022. TĂĄ sĂ© saor in aisce agus beidh an taispeĂĄntas oscailte don phobal i rith mĂ­ IĂșil agus LĂșnasa 2022 uilig. Le breis eolais a fhĂĄil, dĂ©an seiceĂĄil ar Leitheanach Eolais na gCuairteoirĂ­, led’ thoil.

Sraith LĂ©achtanna ChomĂłradh 100 Bliain na gCeithre CĂșirteanna
Cuirfidh Breithimh, maraon le baill reatha agus baill scortha de SheirbhĂ­s na gCĂșirteanna turasanna treoraithe de choimplĂ©asc na gCeithre CĂșirteanna ar fĂĄil, an taispeĂĄntas sa Halla Cruinn san ĂĄireamh. Beidh na turasanna seo ar siĂșl ar an Satharn, 25Ăș Meitheamh, Satharn 2Ăș IĂșil, agus Satharn 9Ăș IĂșil 2022. Le breis eolais a fhĂĄil, dĂ©an seiceĂĄil ar Leitheanach Eolais na gCuairteoirĂ­, led’ thoil.

Na Ceithre CĂșirteanna ar Twitter
Is fĂ©idir an t-eolas is dĂ©anaĂ­ agus nuashonrĂșchĂĄin ar ChomĂłradh CĂ©ad Bliain na gCeithre CĂșirteanna a fhĂĄil agus muid a leanĂșint ar Twitter: @FourCourts100 #FourCourts100

___


TĂĄ Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachĂĄn ChĂ©ad Bliain na gCĂșirteanna ĂĄ stiĂșradh ag PrĂ­omh-Bhreitheamh na hÉireann, Donal O’Donnell, le tacaĂ­ocht Angela Denning, POF na SeirbhĂ­se CĂșirteanna, i bpairtĂ­ocht le na breithiĂșna, baill foirne reatha agus scortha na SeirbhĂ­se CĂșirteanna agus Oifig na nOibreacha PoiblĂ­.

Ba mhaith linn ĂĄr mbuĂ­ochas a ghabhĂĄil freisin le na heagraĂ­ochtaĂ­ agus na daoine a thug an oiread tacaĂ­ochta sin dĂșinn, agus clĂĄr na gcuimhneachĂĄn ĂĄ eagrĂș againn:

ComhaltaĂ­ na mBreithiĂșna: Mr. Justice Gerard Hogan, Ms. Justice Caroline Costello, Ms. Justice Mary Faherty, Mr. Justice Brian Murray, Mr. Justice Maurice Collins, Mr. Justice Brian O’Moore, Mr Justice Cian Ferriter
Judge Elma Shehan, Judge Victor Blake, Judge Grainne Malone.

ComhaltaĂ­ Ăł Oifig na nOibreacha PoiblĂ­: Ciaran O’Connor, State Architect, OPW, Rosemary Collier, Head of Heritage, OPW. 

Ionadaithe Ăłn tSeirbhĂ­s CĂșirteanna, ComhaltaĂ­ ar ScorNoel Doherty, Noel Rubotham; ComhaltaĂ­ Reatha: Alan Baker, Abigail Brechist, Natasha Buchanan, Denise Cole, Patrick Conboy, Gerry Curran, Brendan Houlihan, Maura Howe, Niamh Kearns, Lisa Maybury, Sarahrose Murphy, Saul Philbin Bowman, Coral Tearle, John Whelan.

EOLAS DO THURASÓIRÍ

TĂĄ na Ceithre CĂșirteanna ar oscailt don phobal uilig. TĂĄ fĂĄilte roimh chuairteoirĂ­ suĂ­ isteach ar chĂĄsanna cĂșirte, le gur fĂ©idir leo a fheiceĂĄil dĂłibh fhĂ©in conas mar a fheidhmĂ­onn na cĂșirteanna. NĂ­ eisiatar ach cĂĄsanna ‘in camera’.

Is fĂ©idir teacht isteach sna Ceithre CĂșirteanna trĂ­d an bprĂ­omhdhoras ar ChĂ© na nÓstaĂ­, ĂĄit a ndĂ©anfar seiceĂĄil slĂĄndĂĄla ar chuairteoirĂ­.

BĂ­onn na CĂșirteanna ina suĂ­ gach Luan go deireadh mĂ­ IĂșil, nuair a dhĂșnann na CĂșirteanna do bhriseadh an tsamhraidh. Beidh an taispeĂĄntas sa Halla Cruinn ar oscailt Ăłn Satharn, 25Ăș Meitheamh. Is fiĂș cuimhneamh go mbĂ­onn an Halla Cruinn gnĂłthach nuair atĂĄ na CĂșirteanna ina suĂ­.

TEAGMHÁIL

Le tuilleadh eolais a fhåil ar chlår iomlån Chomóradh Dheich mBliana na gCuimhneachån, téigh chuig : https://courts.ie/four-courts-100

Lean muid ar Twitter: @FourCourts100 #FourCourts100

Seol rĂ­omhphost ar: communications@courts.ie