Skip to content

FĂĄilte chuig Na Ceithre CĂșirteanna – 100 bliain.

Tugann an aip seo cuntas tarraingteach ar na heachtraĂ­ corraitheacha a tharla I 1922, eachtraĂ­ a raibh tionchar acu ar mhĂșnlĂș na tĂ­re agus na SeirbhĂ­se CĂșirteanna mar atĂĄ aithne againn inniu orthu.

Ó tĂłgadh an chĂ©ad lĂĄ riamh iad, go dtĂ­ gur ath-tĂłgadh iad tar Ă©is an Chogaidh Cathartha, tugann an aip seo an deis duit teacht ar scĂ©al na gCeithre CĂșirteanna is cuma cĂ©n ĂĄit ina bhfuil tĂș. FiĂș amhĂĄin muna bhfuil tĂș sna Ceithre CĂșirteanna fĂ©in! FĂ©adfaidh tĂș foghlaim freisin faoi conas mar a ndeachaigh na Ceithre CĂșirteanna in oiriĂșnt do dheiseanna teicneolaĂ­ocha na hAoise Digiteach, trĂ© nĂ­os mĂł seirbhĂ­sĂ­ a bhogadh ar line.

MeascĂĄn d’fhĂ­sigh idirghnĂ­omhach, fĂ­seĂĄin agus tĂ©acs atĂĄ i gceist, a thabharfaidh siar san am atĂĄ caite tĂș, go trĂ­ laethanta corraitheacha i mĂ­ IĂșil 1922. TreorĂłidh an aip timpeall choimplĂ©isc na gCeithre CĂșirteanna fĂ©in tĂș, agus isteach sa Halla Cruinn mĂłrthaibhseach.

Four Courts 100 App

Íoslódáil an aip anseo agus lean na treoraigh.

NĂł, le breis eolais a fhĂĄil ar thurasanna treoraithe agus cuairt a thabhairt ar na Ceithre CĂșirteanna, fĂ©ach ar an roghchlĂĄr thuas.

TAISPEÁNTAS 

Na Ceithre CĂșirteanna – Roimhe agus I nDiaidh
Ag comóradh an fhoirgnimh, na ndaoine agus a scéalta fhéin

LĂ©irĂ­odh an taispeĂĄntas seo i bpairtĂ­ocht le Michael Fewer, staraĂ­ agus Ășdar, agus insĂ­onn sĂ© scĂ©al na gCeithre CĂșirteanna dĂșinn, Ăłn am a dhear an ailtire James Gandon don chĂ©ad uair Ă© ag tĂșs na naoĂș haoise dĂ©ag, agus scĂ©al a scriosta i 1922, agus a atĂłgĂĄla nĂ­os dĂ©anaĂ­.

Ag ĂșsĂĄid griangrafanna agus fĂ­sigh, insĂ­onn an taispeĂĄntas seo scĂ©al na ndaoine agus na bhfoirgneamh dĂșinn, a raibh tionchar ag imeachtaĂ­ 1922 orthu.

Eolas ar ChuimhneachĂĄin 100 Bliain na gCeithre CĂșirteanna

ForbraĂ­odh ComĂłradh CĂ©ad Bliain na gCeithre CĂșirteanna i bpairtĂ­ocht le Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachĂĄn ChĂ©ad Bliain

Tå siad mar chuid de chlår níos leithne cuimhneachån atå faoi réir do 2022. Theastaigh ón gcoiste go mbeadh réimse leathan roghanna ar fåil don phobal ó thaobh aon chuimhneachån de, imeachtaí ar an låthair agus ar líne san åireamh.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar år suíomh Gréasåin: https://courts,ie/four-courts-100

___


TĂĄ Coiste Dheich mBliana na gCuimhneachĂĄn ChĂ©ad Bliain na gCĂșirteanna ĂĄ stiĂșradh ag PrĂ­omh-Bhreitheamh na hÉireann, Donal O’Donnell, le tacaĂ­ocht Angela Denning, POF na SeirbhĂ­se CĂșirteanna, i bpairtĂ­ocht le na breithiĂșna, baill foirne reatha agus scortha na SeirbhĂ­se CĂșirteanna agus Oifig na nOibreacha PoiblĂ­.

Ba mhaith linn ĂĄr mbuĂ­ochas a ghabhĂĄil freisin le na heagraĂ­ochtaĂ­ agus na daoine a thug an oiread tacaĂ­ochta sin dĂșinn, agus clĂĄr na gcuimhneachĂĄn ĂĄ eagrĂș againn:

ComhaltaĂ­ na mBreithiĂșna: Mr. Justice Gerard Hogan, Ms. Justice Caroline Costello, Ms. Justice Mary Faherty, Mr. Justice Brian Murray, Mr. Justice Maurice Collins, Mr. Justice Brian O’Moore, Mr Justice Cian Ferriter
Judge Elma Shehan, Judge Victor Blake, Judge Grainne Malone.

ComhaltaĂ­ Ăł Oifig na nOibreacha PoiblĂ­: Ciaran O’Connor, State Architect, OPW, Rosemary Collier, Head of Heritage, OPW. 

Ionadaithe Ăłn tSeirbhĂ­s CĂșirteanna, ComhaltaĂ­ ar ScorNoel Doherty, Noel Rubotham; ComhaltaĂ­ Reatha: Alan Baker, Abigail Brechist, Natasha Buchanan, Denise Cole, Patrick Conboy, Gerry Curran, Brendan Houlihan, Maura Howe, Niamh Kearns, Lisa Maybury, Sarahrose Murphy, Saul Philbin Bowman, Coral Tearle, John Whelan.

EOLAS DO THURASÓIRÍ

TĂĄ na Ceithre CĂșirteanna ar oscailt don phobal uilig. TĂĄ fĂĄilte roimh chuairteoirĂ­ suĂ­ isteach ar chĂĄsanna cĂșirte, le gur fĂ©idir leo a fheiceĂĄil dĂłibh fhĂ©in conas mar a fheidhmĂ­onn na cĂșirteanna. NĂ­ eisiatar ach cĂĄsanna ‘in camera’.

Is fĂ©idir teacht isteach sna Ceithre CĂșirteanna trĂ­d an bprĂ­omhdhoras ar ChĂ© na nÓstaĂ­, ĂĄit a ndĂ©anfar seiceĂĄil slĂĄndĂĄla ar chuairteoirĂ­.

BĂ­onn na CĂșirteanna ina suĂ­ gach Luan go deireadh mĂ­ IĂșil, nuair a dhĂșnann na CĂșirteanna do bhriseadh an tsamhraidh. Is fiĂș cuimhneamh go mbĂ­onn an Halla Cruinn gnĂłthach nuair atĂĄ na CĂșirteanna ina suĂ­.

TEAGMHÁIL

Le tuilleadh eolais a fhåil ar chlår iomlån Chomóradh Dheich mBliana na gCuimhneachån, téigh chuig : https://courts.ie/four-courts-100

Seol rĂ­omhphost ar: communications@courts.ie